Labhair Darren Mac an Phríora le Thomas Byrne ó Fhianna Fáil faoi todhchaí Fhianna Fáil agus le Dónal Breathnach ó Comharchumann Tithíochta an tSeachtar Laoch i mBaile Munna faoin schéim tithíochta a mbeidh a tógáil acu do phobal na Gaeilge i mBaile Munna go luath.
An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Acht Teangacha a láidriú? Agus cad faoi ceist Acht na Gaeilge do Thuaisceart Éireann? Labhair Darren Mac an Phríora leis an tAire Dinny McGinley faoi a chlár oibre agus é mar Aire Gaeltachta anois.
Labhair Darren ansin le hEoghan Ó Néill ó Nuacht24 faoin toghchán Tionól sa Tuaisceart an mhí seo chugainn.
Bhí seimineár ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge sa phríomhcathair inné d’ár teideal “STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE– Na Céimeanna Tosaigh i dtreo Straitéis Inmharthana”. Labhair Darren Mac an Phríora le Helen Ó Murchú ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ann faoi.