Featured post / Buaicphostáil

Barbara Marx Hubbard (6)

04/03/08

Pádraig Ó Cuanacháin, laoch na Gaeilge, ar lár

 

Pádraig Ó Cuanacháin, laoch na Gaeilge, ar lár

Colm Ó Broin, Lá Nua 

4 Márta 2008

Cailleadh laoch i measc na laochanna, maidin Dé Domhnaigh, nuair a chuaigh Pádraig Ó Cuanacháin ar shlí na fírinne in aois a 76 bliain.

Bhí cáil náisiúnta ar Phádraig as an sár-obair a rinne sé ar son na Gaeilge i rith a shaoil.
'Fear breá cairdiúil, lán de scéalta agus de ghreann a bhí ann,' arsa a chomhghleacaí i nGael-Taca Chorcaí, Barra Ó Caoimh. 'Bhí sé dearfach i gcónaí agus ní raibh suim ar bith aige i ndrochscéalta.
'Bhí sé go hiontach ag gríosú daoine agus ní raibh éinne níos fearr ann chun daoine a thabhairt le chéile.'
Mana a bhí aige le fada an lá maidir le cur chun cinn na Gaeilge ná nach raibh gá le mórán ach dul amach a labhairt le daoine agus do mholtaí a mhíniú dóibh, agus óna thaithí féin, go mbeidís sásta éisteacht leat agus glacadh leis na moltaí.
Tógadh an tUasal Ó Cuanacháin i gCrosaire Tuirnéir i gCathair Chorcaí agus d'fhreastail sé ar Scoil Chríost Rí agus ar Choláiste na mBráithre sa Mhainistir Thuaidh.
Chaith sé roinnt blianta ag obair do Chomhairle Cathrach Chorcaí agus ansin, d'oibrigh sé mar oifigeach margaíochta le hÚdarás na Gaeltachta ag mealladh tionscail go Gaeltachtaí na Mumhan.
Thosaigh sé ag obair sna 1980í le Gaelscoileanna Teo agus chabhraigh le pobail éagsúla chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú i gCorcaigh.
Thaistil sé ó pharóiste go paróiste ag bunú coistí áitiúla agus bhí baint aige le bunú dosaen Gaelscoil, ina measc, Gaelscoil Mhachan agus Gaelscoil Sheáin Uí Ríordáin.
Ag deireadh na n-ochtóidí, bhunaigh sé Gael Taca Chorcaí chun úsáid na Gaeilge in earnálacha an ghnó agus na tógála a spreagadh.
Is ansin a bhain sé amach clú agus cáil náisiúnta as ucht a chuid oibre ar son na teanga.
'Bhí a chroí istigh sa Ghaeilge agus ní amháin gur chabhraigh sé le bunú Gaelscoile ach sheoladh sé litir agus seic ó Ghael-Taca chuig scoileanna nuabhunaithe ar fud na tíre chun a rá leo nach rabhadar leo féin,' arsa Barra Ó Caoimh.
'An sprioc a bhí aige le Gael Taca ná go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil go poiblí ag daltaí agus iad ag teacht amach as an scoil.
'Tá go leor leor siopaí, tithe tábhairne, comhlachtaí agus busanna i gCoracigh agus rian éigin den Ghaeilge le feiceáil orthu de bharr a ndearna sé, rud a thugann le fios gur teanga bheo í an Ghaeilge,' ar seisean.
Rinne an tUasal Ó Cuanacháin éacht thar na bearta freisin maidir le hainmneacha Gaeilge a mholadh do thógálaithe eastáit tithíochta, agus glacadh lena mholtaí le haghaidh os cionn 400 eastát ar leith, formhór acu i gContae Chorcaí agus i gCúige Mumhan.
Seachas cúrsaí teanga, bhí an-spéis aige sa stair agus bhí saineolas aige ar stair Chathair Chorcaí agus ar an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda.
Chuir sé spéis i gceoldrámaí Gilbert & Sullivan go háirithe, agus bhí suim aige i gcúrsaí litríochta agus scríobh sé go rialta do Ireland’s Own.
Tógfar é ó O'Connor's Funeral Home ag Droichead an Gheata Thuaidh i gCorcaigh go Séipéal Naomh Seosamh in Montenotte ag 8.00in anocht.
Beidh aifreann ar siúl ag 11.00rn maidin amárach agus cuirfear i Reilig Naomh Caitríona i gCill Chúile é ina dhiaidh.
Maireann a bhean chéile, Nóirín, a iníon, Deirdre, agus ceathrar mac: Ciarán, Fergus, Brian agus Colm.
Ar dheis Dé go raibh a anam.